326. D’fhiafraighPearse Doherty den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfar soláthar i bhforálacha an Bhille nua Gaeltachta do chatagóiríéagsúla Gaeltachta, bunaithe ar líon na gcainteoirí gníomhacha Gaeilge atá sna limistéir éagsúla, mar atá molta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. [24218/12]
Minister of State at the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht (Deputy Dinny McGinley): Tá sé beartaithe go ndéanfar foráil faoin mBille Gaeltachta do shainmhíniú reach-túil nua ar an Ghaeltacht a bheidh bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha le hais an tsainmhínithe mar a sheasann sé faoi láthair atá bunaithe ar limistéir shonracha gheografacha.
Tá sé i gceist go dtabharfar stádas reachtúil faoin mBille Gaeltachta do cheantair phleanála teanga sa Ghaeltacht a bhfuil stádas agus riachtanais teangeolaíocha éagsúla acu mar a bhí molta sa Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tabharfaidh an reach-taíocht atáá ullmhú faoi láthair feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh plean teanga á ullmhú ag leibhéal an phobail do gach ceantar pleanála teanga. Déanfaidh na pleananna sin comhtháthú maidir le gníomhaíochtaí teanga, oideachais, pleanála agus forbairt shóisialta agus pobail. Tá plé ag dul ar aghaidh le tamall idir mo Roinnse agus Údarás na Gaeltachta faoin bhealach is fearr le tabhairt faoin phróiseas pleanála teanga.
|