484. D'fhiafraighMr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas ina Roinn le taoscadh a dhéanamh ar an chanáil idir Mullach Dearg agus Ceann Caslach (i nDún na nGall), an bhfuil tuairisc ina Roinn fán tionscnamh, cad iad na moltaí a rinne cigire a Roinne agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23625/02]
Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Éamon Ó Cuív): Tá iarratas ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall á scrúdú ag mo Roinnse faoi lathair. Tuigim ón gcomhairle atá curtha ar fáil dom go bhfuil an tionscadal seo casta agus go bhfuil impleachtaí ann don timpeallacht agus ó thaobh luach airgid de. Nuair a bheidh na himpleachtaí seo scrúdaithe ag mo Roinnse, i gcomhar le Comhairle Chontae Dhún na nGall beidh mé in ann cinneadh a dhéanamh.
|