172. D'fhiafraighÉamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aici stiúrthóir lánaimseartha a cheapadh ar Ionad na Múinteoirí i nGaillimh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17898/96]
Minister for Education (Ms Bhreathnach): Tá athbhreithniú á dhéanamh agam fós ar fhorbairt na n-ionad oideachais agus tá súil agam go mbeidh mé in ann ráiteas a dhéanamh sa scéal go luath. Tá an cheist faoi athrú stádais d'aon ionad oideachais mar chuid den athbhreithniú.
Beidh suim ag an Teachta a fháil amach go bhfuil an tAonad Forbartha Ionghairme im Roinn tar éis airgead a cheadú do chúrsaí faoi chláracha inseirbhíse náisiúnta agus áitiúla atá á n-eagrú ag Ionad Oideachais na Gaillimhe le linn na scoilbhlianta 1995-96 agus 1996-97.
|