50. D'fhiafraighMr. Gallagher (Donegal South-West) den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad é an scéal is déanaí faoi na saoráidí calaíochta ag Piara an Rannaigh, Athphort, Árainn Mhóir, Contae Dhún na nGall; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17370/96]
Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins): Faoi mar a cuireadh in iúl Teachta mar fhreagra ar Cheist Uimh. 30 uaidh ar 14 Feabhra tá iarrtha ag mo Roinnse ar Roinn na Mara tuarascáil innealtóireachta agus meastachán costais a chur ar fáil i dtaca leis na hoibreacha feabhsúcháin atá de dhíth ag Piara an Rannaigh, Athphort, Árainn Mhór.
[1489] Tá gach iarracht á déanamh ag mo Roinnse chun an tuarascáil a fháil ó Roinn na Mara agus déanfar an cás a mheas nuair a gheofar í.
|