Houses of the Oireachtas

All parliamentary debates are now being published on our new website. The publication of debates on this website will cease in December 2018.

Go to oireachtas.ie

Written Answers. - Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí.

Tuesday, 8 October 1996

Dáil Éireann Debate
Vol. 469 No. 5

First Page Previous Page Page of 182 Next Page Last Page

 48. D'fhiafraighMs O'Donnell Information on Liz O'Donnell Zoom on Liz O'Donnell  den Aire Ealaíon, Information on Michael D. Higgins Zoom on Michael D. Higgins  Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé sasta go bhfuil a dhóthain dul chun cinn á dhéanamh chun úsáid na Gaeilge sa tSeirbhis Phoiblí; ar fud an phobail i gcoitinne a leathnú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17406/96]

Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins): Information on Michael D. Higgins Zoom on Michael D. Higgins Tá sé mar chuid tábhachtach de Chlár an Rialtais chun Athnuachana go leanfaí le bearta a chur i gcrích, trí chláracha gníomhaíochta Ranna Rialtais agus Eagras Stáit, le feabhas a chur ar an bhfáil, i gcoitinne agus go háirithe do mhuintir na Gaeltachta, ar sheirbhísí Stáit trí Gheilge agus go dátheangach. Aithnítear gur gá, má táthar chun úsáid na Gaeilge a leathnú, go mbraithfeadh an pobal go gcuirfí fáilte roimh aon saoráonach a bheidh ag iarraidh gnó a dhéanamh leis an Státchóras trí mheán na Gaeilge.

Mar chuid dí chúram maidir le hathbhreitniú a dhéanamh ar an dul chun cinn, d'fhoilsigh Bord na Gaeilge tuarascáil dar teideal An Dátheangachas san Earnáil Phoiblí i mí na Bealtaine anuraidh. Dhírigh an tuarascáil sin ar fhreagairt na hEarnála Poiblí i gcoitinne do na Treoirlínte faoin Dátheangachas san Earnáil Phoiblí a eisíodh chuig Ranna Stáit agus Eagrais Stáit agus tá anailís neamhspleách inti a rinne an Foras Riaracháin thar ceann Bhord na Gaeilge. Léiríonn an tuarascáil sin go bhfuil dul chun cinn áirithe á dhéanamh go háirithe ó thaobh úsáid na Gaeilge i gcomharthaíocht agus in úsáid staiseanóireachta lán-dhátheangach. Ní mór a rá go lom díreach, áfach, nach leor an dul chun cinn atá á dhéanamh.

[1485] Tá an chéad iniúchadh déanta ag Bord na Gaeilge ar chur i bhfeidhm na dTreoirlínte trí cheistneoir a ullmhaíodh i gcomhairle leis an bhForas Riaracháin agus a scaipeadh ar Ranna Stáit agus ar Eagrais Stáit le líonadh. Tá anailís ar fhreagairt an cheistneora sin á dhéanamh faoi láthair agus tá i gceist tuarascáil bunaithe ar an anailís sin a fhoilsiú.

D'fhoilsigh Bord na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta tuarascáil dar teideal An Ghaeilge san Earnáil Phoiblí i gCeantar na Gaillimhe cúpla seachtain ó shin. Tá an tuarascáil sin bunaithe ar thaighde a rinne an Ionaid Taighde sna hEolaíochtaí Sóisialta i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, ar fheidhmiú polasaí an Rialtais i leith an dátheangachais san earnáil phoiblí i gceantar na Gaillimhe. Léiríonn an tuarascáil sin go bhfuil teipthe glan ag formhór na neagras Stáit sa cheantar seirbhís shásúil trí Ghaeilge a chur ar fáil.

Caithfidh an earnáil phoiblí i gcoitinne cur go mór leis na hiarrachtaí atá ar bun cheana féin chun cur leis an teacht atá ar sheirbhísí go dátheangach. Caithfidh Rúnaithe Ranna agus príomhfheidhmeannaigh na n-eagras Stáit athscrúdú a dhéanamh ar a bhfuil i gceist sna Treoracha agus sna Treoirlínte agus féachaint chuige go dtosófar ag feidhmiú dá réir. Beidh mé féin i dteagmháil le gach Aire arís chun a iarraidh orthu iarracht speisialta a dhéanamh chun a gcearta teanga a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Glacaim leis an deis seo chun a iarraidh ar an bpobal i gcoitinne seirbhís trí Ghaeilge a lorg ón earnáil phoiblí. Is mar thoradh ar éileamh láidir leanúnach ón bpobal ar sheirbhís mhaith dhátheangach a thiocfaidh feabhas de réir a chéile ar an scéal.

Úsáid na Gaeilge sa phobal i gcoitinne

Tá dul chun cinn de réir a chéile á dhéanamh maidir leis an nGaeilge a leathadh sa phobal. Maidir le húsáid na Gaeilge sa phobal i gcoitinne is é Bord na Gaeilge an bord Stáit a bunaíodh chun an Ghaeilge, agus go háirithe a húsáid mar theanga bheo agus mar [1486] ghnáthmheán cumarsáide, a chur chun cinn. Bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag an mbord chun na críche sin. I measc na n-iarrchtaí sin tá an bord i mbun:

—teagmhálacha leis an earnáil ghnó chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn san earnáil sin;

—úsáid na Gaeilge a chothú sna healaíona agaus i bhforbairt phobail — mar shampla, Amharclann de hÍde; agus Coillte Mach, an Baile Dátheangach;

—tacaíochta do thograí chun an Ghaeilge a chur chun cinn — ar nós Comórtas Glór na nGael, féilte agus ócáidí;

—feachtais réigiúnach i gceithre ionad ar leith chun an Ghaeilge a leathadh; agus

—feachtas fógraíochta ina raibh áit lárnach ag Michelle Smith, a chuir bród orainn uile lena tacaíocht phearsanta don Ghaeilge.

Chomh laith leis sin foilseofar nuachtán nua Gaeilge Foinse an mhí seo le cúnamh ón mBord.

Maidir le mo Roinn féin cuirtear cúnamh leanúnach ar fáil do na heagrais dheonacha Gaeilge mar chabhair dóibh chun a n-imeachtaí ar mhaithe leis an nGaeilge sa phobal a chur chun cinn. Anuas ar chúnamh do na heagrais sheanbhunaithe ar nós Conradh na Gaeilge, an tOireachtas, Gael-Linn agus mar sin de tá cúnamh á thabhairt d'eagrais nua ar nós Gaillimh le Gaeilge, Tiobraid Árann ag Labhairt, Mhuintir Chrónáin agus mar sin de. Bíonn cúnamh leanúnach le fáil ó mo Roinnse freisin trí Bhord na Leabhar Gaeilge don fhoilsitheoireacht i nGaeilge.

Is comhartha é bunú Theilifís na Gaeilge de na hiarrachtaí atá ar bun chun úsáid na Gaeilge a leathnú. Is fianaise í bunú na seirbhíse nua sin go n-aithníonn an Rialtas go bhfuil sé de cheart ag daoine, a roghnaíonn an Ghaeilge mar ghnáth-theanga laethúil, teacht a bheith acu, sa teanga sin, ar an earnáil chraoltóireachta theilifíse. Leis an nuachtán nua Gaeilge agus le teacht [1487] Theilifís na Gaeilge ar an aer ag deireadh na míosa tá bonn láidir á chur faoi chóras cumarsáide do phobal na Gaeilge ar fud na tíre.

Ginearálta

Ar ndóigh, is gá go nglacfadh an pobal féin páirt níos mó ná mar ata á glacadh aige i gcur chun cinn na Gaeilge. Tá bá iontach ag pobal na tíre don Ghaeilge ach ní leor bá amháin. Caithfimid uile iarracht phearsanta leanúnach a dhéanamh lá i ndiaidh lae chun feidhm a bhaint as an méid Gaeilge atá againn cibé chomh meirgeach is atá an Ghaeilge sin. Ní thig leis an Stát ná le pobal na Gaeilge féin an t-ualach ar fad a iompar. Tá cúnamh ón mórphobal de dhíth freisin.


Last Updated: 12/05/2015 08:40:47 First Page Previous Page Page of 182 Next Page Last Page