47. D'fhiafraighMr. O'Malley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfeadh sé in iúl an bhfuil aon pleannanna aige chun cabhair speisalta a chur ar fáil do pháistí ó teaghlaigh le beagán airgid chun cabhrú leo freastal ar Choláistí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17407/96]
Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins): Íocann mo Roinnse deontas faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le teaghlaigh Ghaeltachta a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas, le linn dóibh a bheith ag freastal ar chúrsaí Gaeilge aitheanta sna coláistí samhraidh sa Ghaeltacht. Cabhraíonn an deontas seo go mór táillí a ghearrann na coláistí ar thuismitheoirí [1484] na bhfoghlaimeoirí a choimeád chomh íseal agus is féidir.
D'fhógair mé anuraidh go raibh an deontas sin méadaithe agam ó £3.50 go £4.00 in aghaidh an scoláire in aghaidh an lae agus níl aon phleananna agam chun cur leis an gcabhair sin ag an bpointe seo.
|