[1482]
44. D'fhiafraighMs Keogh den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfeadh sé in iúl líon na n-oifigeach ina Roinn atá fostaithe go seasmhach ins na ceantair Ghaeltachta agus an méid oifigeach atá lonnaithe i gCeannáras na Roinne i mBaile Átha Cliath; an bhfuil aon phlean aige an Ceannáras a lonnú i gceantar Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17410/96]
Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins): Tá oifigí ag mo Roinn sna ceantair Ghaeltachta le foireann seasmhach iontu mar a leanas:— (1) Na Forbacha, Gaillimh — 30; (2) Na Doirí Beaga, Contae Dhún na nGall — 7; (3) Tuar Mhic Éadaigh, Contae Mhaigh Eo —1; (4) Páirc Náisiúnta Stairiúil an Bhlascaoid Mhóir, Contae Chiarraí — 3.
I gceanncheathrú mo Roinne ag Dún Aimhirgin, 43-49 Bóthar Mespil, Baile Átha Cliath 2, tá foireann de 90 lonnaithe.
Níl aon phlean agam faoi láthair ceannáras mo Roinne a athlonnú go ceantar Gaeltachta.
|