[1898]
91. D'fhiafraighMr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil aon staidéar déanta ar na deacrachtaí atá á bhfulaingt ag na comhlachtaí easpórtála Gaeltachta de bharr ardú luach an phuint Éireannaigh in aghaidh an phuint steirling; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12215/96]
Minister of State at the Department of Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. Carey): Níl staidéar ar leith déanta ar thionchar luach an phuint Éireannaigh in aghaidh an phuint sterling ó thaobh comhlachtaí Gaeltachta atá ag easportáil.
Go ginearálta baineann an fhadhb chéanna le comhlachtaí Gaeltachta agus a bhaineann le comhlachtaí eile sa tír maidir le luach an phuint Éireannaigh in aghaidh an phuint sterling.
Tá cuid de na comhlachtaí Gaeltachta ag feidhmiú go sásúil i margaí easpórtála ach aithnítear go bhfuil deacrachtaí ag cúpla earnáil thraidisiúnta — go háirithe na hearnálacha teicstíle agus éadaí.
|