83. D'fhiafraighÉamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas le breis forbartha a dhéanamh ag Céibh an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11893/96]
Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins): Fuarthas iarratas ar chúnamh chun mór oibreacha breise feabhsúcháin a chur i gcích ag Cé an Chalaidh Mhóir, Inis Meáin, níos luaithe i mbliana agus tá tuairimí Roinn na Mara iarrtha faoi na hoibreacha i gceist. Déanfar an t-iarratas a mheas tuilleadh nuair a gheofar tuarascáil ó Roinn na Mara.
|