[1876]
53. D'fhiafraighMr. Martin den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad a bhí i gceist aige nuair a luaigh sé le déanaí ar an gclár teilifíse Cúrsaí ar RTÉ go raibh sé ar intinn aige limistéir na nGaeltachtaí a athrú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12203/96]
90. D'fhiafraighMr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil an t-athbhreithniú ar theorainneacha na Gaeltachta a bhí faoi chaibidil ina Roinn críochnaithe fós; má tá, cén toradh atá ar an obair sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12214/96]
Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins): Tógfaidh mé Ceist Uimh. 53 agus 90 le chéile.
Tá sé ráite agam an seo cheana go bhfuil sé i gceist agam athbhreithniú a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta.
Is é an t-ábhar sin agus bealaí éagsúla a d'fhéadfaí a úsáid chun tabhairt faoin obair a bhí á bplé agam ar an gclár teilifíse a luann an Teachta.
Tá na comhráithe a bhí ar siúl ag mo Roinnse le tamall anuas d'fhonn teacht ar an mbealach is fearr chun athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ag teacht chun críche anois agus, cé go bhfuil socruithe áirithe le déanamh fós, tá súil agam go gcuirfear tús le taighde i ndáil leis an athbhreithniú go luath.
|