46. D'fhiafraighÉamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil aon toradh ar an staidéar a bhí á dhéanamh ar na coláistí Gaeilge; má tá, an bhfuil sé i gceist aige an tuarascáil ar na coláistí a fhoilsiú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10543/96]
84. D'fhiafraighÉamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist na cúraimí atá ar a Roinn i láthair na huaire faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a aistriú go dtí an Roinn Oideachais; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10544/96]
Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins): Tógfaidh mé na Ceisteanna Uimh. 46 agus Uimh. 84 le chéile.
Tá an t-athbhreithniú ar na coinníollacha ginearálta a bhaineann leis na Col áistí Gaeilge Samhraidh, a bhí á dhéanamh ag an ngrúpa oibre a bunaíodh anuraidh, críochnaithe le tamall anois agus tá tuarascáil chuimitheach le moltaí an ghrúpa á scrúdú ag mo Roinn féin agus ag an Roinn Oideachais faoi láthair. Nuair a bheidh an tuarascáil measta [1874] ag an dá Roinn déanfar socruithe chun í a fhoilsiú.
Níl sé i gceist na cúraimí atá ar mo Roinn féin i ndáil le Scéim na bh Foghlaimeoirí Gaeilge a aistriú go dtí an Roinn Oideachais.
|