Houses of the Oireachtas

All parliamentary debates are now being published on our new website. The publication of debates on this website will cease in December 2018.

Go to oireachtas.ie

Written Answers. - An Ghaeilge sa Gaeltacht.

Wednesday, 12 June 1996

Dáil Éireann Debate
Vol. 466 No. 7

First Page Previous Page Page of 144 Next Page Last Page

 45. D'fhiafraighMiss Coughlan Information on Mary Coughlan Zoom on Mary Coughlan  den Aire Ealaíon, Information on Michael D. Higgins Zoom on Michael D. Higgins  Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé mar pholasaí ag Údarás na Gaeltachta cinntiú gur cainteoirí líofa Gaeilge a bhfuil ar a gcumas a ngnó laethúil a dhéanamh trí Ghaeilge a fhaigheann tús áite in aon fhostaíocht a chuirtear ar fáil i gcomhlachtaí a fuair cúnamh deontais nó eile ón Údarás; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11241/96]

Minister of State at the Department of Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. Carey): Information on Donal Carey Zoom on Donal Carey Is é an cuspóir atá ag Údarás na Gaeltachta ná comhlachtaí a ghríosú chun a stádas ceart a thabhairt don Ghaeilge i gcúrsaí riaracháin, gnó agus fostaíochta.

Tuigim ón Údarás go mbíonn coinníollacha faoi úsáid na Gaeilge (i bhfógr aíocht, comharthaíocht, etc.) agus faoi fhostú daoine le Gaeilge i ngach comhaontú deontais a dhéantar le comhlachtaí a fhaigheann cúnamh uathu. Cuirtear seirbhís thacaíochta ar fáil do chomhl achtaí le cur ar chumas fostaithe an Ghaeilge a fhoghlaim nó feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Cabhraítear le cuideachtaí pleananna Gaeilge a ullmhú agus tugtar tacaíocht dóibh chun na pleanna sin a chur i bhfeidhm.

Coinníonn an tÚdarás liostaí de dhaoine ón nGaeltacht d'fhonn poist a lorg do na daoine sin agus d'fhonn daoine le Gaeilge ón nGaeltacht a chur chun cinn le haghaidh agallamh nuair a bhíonn poist le líonadh i gcomhlachtaí a fuair cúnamh ón Údarás. Cuidíonn an [1873] tÚdarás go gníomhach le cúrsaí earc aíochta sna comhlachtaí sin. D'ainneoin sin uile bíonn ar ghnóthais tarraingt ar fhoinsí lasmuigh den Ghaeltacht chun teacht ar dhaoine a bhfuil an saintaithí nó na saincháilíochtaí cuí acu atá ag teastáil do riachtanais bhainistíochta, riaracháin, táirgíochta, teicneolaíochta nó eile na ngnóthas sin. Ní foláir, mar sin, laistigh de choinníollacha comhaontuithe deontais, an cinneadh críochnúil maidir le post a thairiscint a fhágáil ag bainistíocht gach comhlachta ar leith. Cé go leagtar síos na coinníollacha maidir le daoine le Gaeilge a fhostú ní mór a aithint nach n-éiríonn le comhlachtaí an méid sin a bhaint amach i gcónaí agus go mbíonn difríochtaí suntasacha sna torthaí ó chomhlacht go comhlacht agus ó cheantar go ceantar ar chúiseanna intuigthe.


Last Updated: 14/05/2015 08:36:59 First Page Previous Page Page of 144 Next Page Last Page