Houses of the Oireachtas

All parliamentary debates are now being published on our new website. The publication of debates on this website will cease in December 2018.

Go to oireachtas.ie

Written Answers. - Turasóireacht Gaeltachta.

Wednesday, 12 June 1996

Dáil Éireann Debate
Vol. 466 No. 7

First Page Previous Page Page of 144 Next Page Last Page

 39. D'fhiafraighMr. Molloy Information on Robert Molloy Zoom on Robert Molloy  den Aire Ealaíon, Information on Michael D. Higgins Zoom on Michael D. Higgins  Cultúir agus Gaeltachta cén dáta ar socraíodh an ról aontaithe d'Údarás na Gaeltachta i dtaca le forbairt na turasóireachta sa Ghaeltacht; cén t-airgeadas atá curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta chun cabhrú leo an ról nua sin a fheidhmiú; an gcuirfidh sé na sonraí in iúl faoi na scéimeanna nua le haghaidh fhorbairt na turasóireachta atá á gcur chun cinn ag Údarás na Gaeltachta agus leibhéal na ndeontas atá ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12198/96]

Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins): Information on Michael D. Higgins Zoom on Michael D. Higgins Le litir an 7 Nollaig 1995 ón Roinn toilíodh le ról teoranta d'Údarás na Gaeltachta i dtaca le forbairt thionscal na turasóireachta sa Ghaeltacht.

Cuirfear sonraí faoin ról sin ar fáil sa Tuairisc Oifigiúil — sonraí atá tugtha agam cheana féin don Teachta ar iarratas uaidh.

Níl airgead ar leith curtha ar fáil don Údarás le haghaidh cúrsaí turasóireachta agus tuigim nach bhfuil ciste ar leith leagtha síos ag an Údarás féin don ghnó. Is amhlaidh a fheidhmeoidh an tÚdarás i dtaca le turasóireacht laistigh dá scéimeanna údaraithe agus ar scála teoranta laistigh dá sholáthar iomlán airgeadais.


Last Updated: 15/05/2015 11:28:20 First Page Previous Page Page of 144 Next Page Last Page