[1856]
23. D'fhiafraighÉamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé mhéad iarratas a fuair an Roinn i 1995 faoi scéim na mbóithre áise. [7209/96]
28. D'fhiafraighMs O'Donnell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil aon chinneadh déanta fós faoi thodhchaí scéim na mbóithre áise; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9066/96]
Minister of State at the Department of Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. Carey): Tógfaidh mé Ceist Tosaíochta Uimh. 23 agus Ceist Uimh. 28 le chéile.
Faoi mar a cuireadh in iúl don Teach mar fhreagra ar Cheist Uimh. 12 ar 14 Márta, níl soláthar i Vóta mo Roinne i mbliana le haghaidh caiteachais ar bhóithre Gaeltachta agus, ar ndóigh, is ceist go príomha don Roinn Comhshaoil agus do na Comhairlí Contae iomchuí í staid na mbóithre sa Ghaeltacht.
Nuair a bheidh cúrsaí níos soiléire ar ball maidir le caiteachas mo Roinne i 1996 ar Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht, breithneofar an scéal tuilleadh, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, féachaint an dtig linn soláthar éigin a chur ar fáil i mbliana chun bóithre áise agus bóithre portaigh sa Ghaeltacht a fheabhsú.
Fuarthas thart ar 470 iarratas faoi Scéim na mBóithre Áise i 1995.
|