Houses of the Oireachtas

All parliamentary debates are now being published on our new website. The publication of debates on this website will cease in December 2018.

Go to oireachtas.ie

Written Answers. - Stádas Na Gaeilge.

Wednesday, 12 June 1996

Dáil Éireann Debate
Vol. 466 No. 7

First Page Previous Page Page of 144 Next Page Last Page

[1855]

 22. D'fhiafraighMr. Martin Information on Micheál Martin Zoom on Micheál Martin  den Aire Ealaíon, Information on Michael D. Higgins Zoom on Michael D. Higgins  Cultúir agus Gaeltachta an ngeallfaidh sé go n-iarrfar stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach i rith thréimhse Uachtaránachta na hÉireann i mbliana; agus go lorgófar lántacaíocht don éileamh náisiúnta sin. [12100/96]

 24. D'fhiafraighMiss Harney Information on Mary Harney Zoom on Mary Harney  den Aire Ealaíon, Information on Michael D. Higgins Zoom on Michael D. Higgins  Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar an gclár le linn don Rialtas a bheith san Uachtaránacht ó Mheitheamh go mí na Nollag, 1996; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9064/96]

 80. D'fhiafraighMr. Martin Information on Micheál Martin Zoom on Micheál Martin  den Aire Ealaíon, Information on Michael D. Higgins Zoom on Michael D. Higgins  Cultúir agus Gaeltachta an ngeallfaidh sé go n-iarrfar stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach i rith thréimhse Uachtaránachta na hÉireann i mbliana agus go lorgófar lántacaíocht don éileamh náisiúnta sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9342/96]

 93. D'fhiafraighMr. Molloy Information on Robert Molloy Zoom on Robert Molloy  den Aire Ealaíon, Information on Michael D. Higgins Zoom on Michael D. Higgins  Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil cinneadh glactha ag an Rialtas iarratas le haghaidh stádais oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach a chur ar an gclár le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach, Meitheamh go dtí mí na Nollag 1996; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12217/96]

Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins): Information on Michael D. Higgins Zoom on Michael D. Higgins Tógfaidh mé Ceist Tosaíochta Uimh. 22, Ceist Uimh. 24 agus Ceisteanna Scríofa Uimh. 80 agus 93 le chéile.

Faoi mar a dúirt mé i bhfreagra a thug mé sa Teach seo ar Cheist Uimh. 107 ar 30 Aibreán, is faoi réir na tagairte do chóras na dteangacha san Aontas Eorpach i mír 3.209 den Pháipéar Bán um Bheartas Eachtrach a foilsíodh le déanaí a ghlacfar le deis oiriúnach chun stádas na Gaeilge a chur chun cinn san Aontas Eorpach.


Last Updated: 12/05/2015 15:53:11 First Page Previous Page Page of 144 Next Page Last Page