89. D'fhiafraighÉamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige ardú a thabhairt do na Mná Tí a choinníonn Gaeilgeoirí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge i mbliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9341/96]
Minister of State at the Department of Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. Carey): Faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge íocann mo Roinnse £4.00 in aghaidh an lae i leith gach foghlaimeora aitheanta a bhíonn ar iostas i dteach Gaeltachta.
Rinneadh méadú substaintiúil ar an deontas anuraidh — ó £3.50 go dtí £4.00 in aghaidh an lae — agus níl sé i gceist árdú eile á dhéanamh i mbliana.
Ar ndóigh, níl sa chúnamh a íocann mo Roinn féin ach cuid den teacht isteach a bhíonn le fáil ag na teaghlaigh Ghaeltachta a choinníonn Foghlaimeoirí Gaeilge. Íocann tuismitheoirí na [124] ndaltaí táillí freisin le húdaráis na gCol-áistí Gaeilge agus déanann na Coláistí íocaíocht i leith lóistín leis na teaghlaigh Ghaeltachta as na táillí sin.
Tá soláthar £1.95 milliún i meastacháin mo Roinne i mbliana le haghaidh íocaíochtaí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Is suim mhór airgid í seo agus is mór an chabhair na híocaíochtaí a dhéantar do na teaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil sa Ghaeltacht agus do na daoine óga a théann go dtí an Ghaeltacht chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Bheadh orthu siúd táillí i bhfad níos airde a íoc leis na coláistí murach an cúnamh fial a chuireann mo Roinnse ar fáil faoin scéim seo.
|