Houses of the Oireachtas

All parliamentary debates are now being published on our new website. The publication of debates on this website will cease in December 2018.

Go to oireachtas.ie

An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Wednesday, 18 September 2013

Dáil Éireann Debate
Vol. 813 No. 1

First Page Previous Page Page of 144 Next Page Last Page

An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

 7. D'fhiafraigh Deputy Timmy Dooley Information on Timmy Dooley Zoom on Timmy Dooley den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Information on Jimmy Deenihan Zoom on Jimmy Deenihan cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [38461/13]

Deputy Dinny McGinley: Information on Dinny McGinley Zoom on Dinny McGinley I dtús báire ní miste dom a rá go n-aithnítear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na straitéise a chur i gcrích. I gcomhréir leis an gcur chuige seo, tá obair leanúnach ar siúl ag iliomad páirtithe leasmhara chun raon leathan gníomhaíochtaí faoin straitéis a chur i bhfeidhm.

Ós rud é gur ar mo Roinnse atá an fhreagracht uileghabhálach an straitéis a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar leis na páirtithe leasmhara, d'fhoilsigh mé tuarascáil i mí lúil a thugann léargas cuimsitheach faoin dul chun cinn atá déanta maidir le cur i bhfeidhm na straitéise go dáta. Is ionann an tuarascáil sin agus achoimre ar na gníomhartha ar thug mo Roinn féin agus Ranna ábhartha eile fúthu le linn na tréimhse idir dháta foilsithe na straitéise i Nollaig 2010 agus lúil 2013.

Ní miste a rá fosta gur foilsíodh pleananna forfheidhmithe na Ranna ábhartha faoin straitéis ar láithreáin ghréasáin éagsúla na Ranna i mí lúil. Áirítear anseo 11 de Ranna, lena n-áirítear mo Roinn féin, ar ndóigh. Feictear dom go léiríonn an tuarascáil ar dhul chun cinn agus na pleananna forfheidhmithe éagsúla atá foilsithe ag na Ranna ábhartha go léir go bhfuil cur chuige soiléir ann maidir le feidhmiú na straitéise a mbeidh tionchar dearfach aige ar an teanga san fhadtréimhse.

Deputy Michael P. Kitt: Information on Michael Kitt Zoom on Michael Kitt Tá naoi réimse difriúil sa straitéis agus ba mhaith liom ceist a chur maidir leis an dul chun cinn atá déanta ar na réimsí sin, go háirithe maidir le oideachas agus seirbhísí poiblí. An mbeidh muid in ann líon na daoine a labhraíonn an teanga a mhéadú mar atá leagtha amach sa straitéis? An féidir leis an Aire Stáit níos mó eolais a thabhairt dúinn mar gheall ar dhá cheann de na réimsí sa straitéis, cúrsaí oideachais agus seirbhísí poiblí?

Deputy Dinny McGinley: Information on Dinny McGinley Zoom on Dinny McGinley Mar atá luaite ag an Teachta, tá dhá Roinn i gceist, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Maidir leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, tá lúcháir orm a rá go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh ansin. Tá an Roinn ag tabhairt faoi athbhreithniú a dhéanamh ar an oideachas a cuirtear ar fáil sa Gaeltacht, chun soiléiriú a dhéanamh ar a pholasaí i leith oideachas trí mhéan na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta, ag aithint na riachtanais faoi leith atá ag na scoileanna sin. Tá an Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, NCCA, ag forbairt curaclam nua comhtháite teangacha do bhunscoileanna agus don chéad uair riamh, tá scrúduithe caighdeánaithe ar fáil le n-úsáid don Ghaeilge i mbunscoileanna na tíre.

Tá bearta tugtha isteach chomh maith go mbeifear ag súil le ardú caighdeáin d'ábhar múinteoirí a bheidh ag dul isteach sna coláistí oiliúna chomh fada agus a bhaineann sé le Gaeilge. Tá dhá cúrsa curtha ar fáil anois dóibh le linn na Cásca agus beidh ar ábhar múinteoirí dhá thréimse coicíse a chaitheamh sa Ghaeltacht an fhad agus atá siad ag traenáil le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Sílim gur dul chun cinn é sin. Ina theannta sin, tá coiste idir-rannach againn, faoi mo chathaoirleacht, agus tá 11 Ranna i ndiaidh an méid atá á dhéanamh acu maidir leis an straitéis a leagaint amach ar a suíomhanna Idirlíne.

Deputy Michael P. Kitt: Information on Michael Kitt Zoom on Michael Kitt Nuair a d'fhoilsigh an Rialtas deiridh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, dúradh ag an am gur treor plean nó plean mór a bhí ann chun caomhnú agus athbheochan na Gaeilge a chur i gcrích thar an tréimhse sin. Cé mhéad cruinniú a bhí ag an coiste idir-rannach ar a bhfuil an Aire Stáit mar chathaoirleach, maidir leis an straitéis? An mbíonn an Taoiseach ag na cruinnuithe sin freisin?

Deputy Dinny McGinley: Information on Dinny McGinley Zoom on Dinny McGinley Os rud é go bhfuil coiste Rialtais ag baint le cúrsaí Gaeilge, léiríonn sin dáiríreacht an Rialtais maidir leis an teanga agus cur i bhfeidhm na straitéise. Go dtí seo i mbliana, bhí trí chruinniú ag an coiste Rialtais faoi chathaoirleacht an Taoisigh agus tá ceann eile beartaithe idir seo agus deireadh na bliana, b'fheidir i mí Dheireadh Fómhair, ach nílim cinnte de sin. Ag gach uile cruinniú acu sin, ba é an Taoiseach féin a bhí sa chathaoir, rud a léiríonn an tsuim phearsanta atá aige sna cúrsaí seo.

Deputy Aengus Ó Snodaigh: Information on Aengus Ó Snodaigh Zoom on Aengus Ó Snodaigh Tá na freagraí a fhaigheann muid maidir leis an straitéis 20 bliain spéisiúil. An bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil an phráinn cheart á instealladh maidir leis an straitéis? Tá an straitéis bunaithe ar staidéar a ndearnadh ocht nó naoi bliana ó shin agus tá an straitéis trí nó ceithre bliana d'aois faoi seo. Ní fheiceann an pobal i gcoitinne, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, go bhfuil aon tairbhe mhór tar éis teacht ó tosaíodh ag caint faoin straitéis 20 bliain. An bhfeiceann an tAire Stáit an phráinn le seo nó conas is féidir linn práinn breise a instealladh maidir leis an straitéis?

Deputy Dinny McGinley: Information on Dinny McGinley Zoom on Dinny McGinley Is cinnte go n-aithním an phráinn, ach is fear Gaeltachta mé agus chím ón áit ina bhfuil mé i mo chónaí na rudaí atá ag tarlú i mo cheantar Gaeltachta agus i gceantair Gaeltachta eile ar fud na tíre. Chím é sin. Ar ndóigh, sin an fáth gur cuireadh fainic ar an straitéis, fá choinne deireadh a chur leis an tráth atá ar an Ghaeilge sna ceantair Gaeltachta. Tá go leor ag dul ar aghaidh sna Gaeltachtaí. Mar shampla, tá scéim tacaíochta teaghlaigh úr tar éis teacht isteach agus tá beagnach 2,000 pacáiste tugtha amach do thuismitheoirí úra sa Ghaeltacht ó bunaíodh é sin anuraidh. Tá scéim na gcúntóirí teanga ann chomh maith, ceann de na scéimeanna is éifeachtaí atá ann. Bhí an scéim seo ann sular tháinig mise isteach sa Roinn, ach táimid ag leanúint leis an scéim sin agus ag forbairt na scéime agus ag tabhairt breis acmhainní don scéim, mar go bhfeiceann muid chomh tábhachtach agus atá sé go mbeidh deis ag daltaí, chomh h-óg agus is féidir leo, eolas a chur ar an teanga. Caithfidh muid díriú isteach ar an aosóg.

Tá scéim do na coláistí Gaeilge ann freisin, ar a mbíonn 3,000, 4,000 nó 5,000 sa bhliain ag freastal orthu. Scéim an-mhaith í sin agus tá an Roinn tiomanta leanúint leis an scéim sin, a thugann deis do buachaillí agus cailíní ó thaobh amuigh den Ghaeltacht dul siar agus aithne a chur ar na Gaeltachtaí agus an teanga a fheiceáil á labhairt go nádúrtha i measc an phobail. Tá go leor rudaí ar siúl. Mar adúirt mé freisin, tá Údarás na Gaeltachta thar a bheith gnóthach anois. Inné féin, shínigh mé na critéir pleanála teanga agus beidh siad sin ar shuíomh Idirlíne na Roinne inniu agus ag dul amach chuig an údarás agus Foras na Gaeilge le tabhairt faoi na limistéir pleanála teanga.


Last Updated: 30/04/2020 12:42:56 First Page Previous Page Page of 144 Next Page Last Page