Houses of the Oireachtas

All parliamentary debates are now being published on our new website. The publication of debates on this website will cease in December 2018.

Go to oireachtas.ie

An Ghaeilge agus An Ghaeltacht: Ráitis (Continued)

Wednesday, 3 March 2021

Dáil Éireann Debate
Vol. 1004 No. 7
Unrevised

First Page Previous Page Page of 112 Next Page Last Page

(Speaker Continuing)

[Deputy Éamon Ó Cuív: Information on Éamon Ó Cuív Zoom on Éamon Ó Cuív] Bhí mé tar éis go leor snámha a dhéanamh nuair a bhí mé óg agus bhí mé in ann an snámh a mhúineadh. Bhí an-tarraingt orm mar theastaigh ó dhuine a gcuid snámha a chleachtadh agus bhí cuid acu ag foghlaim snámha ach bhí sé feiliúnach é a dhéanamh trí Ghaeilge freisin.

Molaim go mór Na Gaeil Óga anseo i mBaile Átha Cliath, ceann de na cumainn pheile is mó fás sa chathair, as an obair atá déanta acu siúd tríd an pheil Ghaelach, an iománaíocht agus an camógaíocht a cheangail le labhairt na Gaeilge. Ba cheart go mbeadh cumainn ar nós Na Gaeil Óga i chuile chuid den chathair, i chuile chathair eile agus in áit ar bith eile go bhfuil dóthain daoine le club a bhunú a d’fheidhmeodh go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Ní hamháin go mba cheart go mbeadh clubanna peile agus iomána á ndéanamh ach ba cheart go mbeadh clubanna sacair, rugbaí agus chuile spóirt eile á ndéanamh freisin.

Tá cuid de mhuintir na Gaeltachta buartha go bhfuil siollabas faoi leith ag an ardteistiméireacht i gceist dóibh siúd ach nach mbeidh aon phreab acu as idir mharcanna níos airde nó gráid speisialta. Tá mé cinnte go bhfuil míthuiscint ann agus tá súil agam go bhfuil. Bheadh sé go maith soiléiriú a fháil ar an scéal sin. Má tá sé fíor, is cúis náire í. Más rud é go bhfuil cúrsa breise ar fáil agus má tá buntáiste breise as an gcúrsa níos airde a dhéanamh, ceapaim gur ar leas phobal na Gaeilge agus na Gaeltacht a bheadh sé.

Deputy Pa Daly: Information on Pa Daly Zoom on Pa Daly Tá áthas orm a bheith anseo ag caint le linn Seachtaine na Gaeilge. Tá a lán ceisteanna reatha ag baint leis an teanga.

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le clann Margaret Keane tar éis an bua a bhí acu sna cúirte i Sasana. Rugadh in Éirinn í ach fuair sí bás i Coventry, áit a chaith sí an mórchuid dá saol. Ní raibh cead ag a clann an Gaolainn a scríobh ar a leac uaighe ach bhí bua acu sna cúirte. Bhí a mhuintir ag iarraidh: “Inár gcroíthe go deo” a scríobh ar an leac uaighe. Dhiúltaigh an coiste sin ach bhí an bua acu sa deireadh. Mar a deir an seanfhocal, “Muna n-oireann an caipín duit, ná caith é” nó “Más ar bior, ná casfar tú”, mar tá fadhbanna ag baint leis an nGaeltacht, le pobal na Gaeltachta agus le pobal labhartha na Gaeilge in Éirinn agus tá sin náireach.

Tá sé dochreidte nach bhfuil daoine in ann eitilt a cheannach le hAer Lingus bille a íoc le Banc na hÉireann, nó an síneadh fada a úsáid. Tá a fhios againn, ina dhiadh an fógra Dé Luain, nach bhfuil suim dá laghad ag an mbanc sin ina chuid chustaiméirí. Bheadh sé an-éasca dó an fhadhb atá aige leis na billí a íoc a cheartú ach tá éileamh na gcustaiméirí síos an liosta s’acu. Chomh maith leis sin, níl oifigeach Gaeilge i gcuid de na comhairle contae. I gCiarraí, mar shampla, níl oifigeach Gaeilge ann ó mhí na Bealtaine 2020. Níl seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge. Tá fáilte roimh chách seachas roimh ár dteanga féin.

Mar aon le Teachtaí eile, bím ag plé na leasuithe do Bhille na dteangacha oifigiúla. Níl an Rialtas ag glacadh leis na leasuithe a chur muid síos chun an Ghaeilge a neartú. Tá orainn aitheantas suntasach a bhunú. Ag an bpointe seo, tá sé práinneach. Tá obair na gcapall déanta ag leithéidí Daithí Mac Cárthaigh, Foras na Gaeilge, an Coimisinéir Teanga agus an Foras Pátrúnachta chun lógónna na gcomhlachtaí poiblí a bheith i nGaeilge agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a neartú. Ba chóir go mbeadh tosaíocht don Ghaolainn ar na comharthaí bóithre agus bím ag obair ar sin sa choiste. Creidim go bhfuilim ar aon intinn leis an Aire, an Teachta Catherine Martin agus leis an Aire Stáit, an Teachta Chambers, mar gheall air seo ach ní raibh an Rialtas in ann glacadh leis an leasú sin mar mhaígh Oifig na mBillí go raibh costas ag baint leis. Ní aontaím leis sin. It would be easy to make a change so that into the future, when a public body is erecting any new sign or publishing a notice, the Irish language text should be positioned so that it is likely to be read first ach beimid ar ais go dtí an pointe sin i gCoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Chomh maith leis sin, tá saincheisteanna eile atá tábhachtach do phobal labhartha na Gaeilge ann, go mór mór in iarthar Chiarraí. Tá sé de dhualgas orainn an leathanbhanda a fheabhsú sa Ghaeltacht, spreagadh a thabhairt do dhaoine maireachtáil sa Ghaeltacht agus b’fhéidir múinteoirí sa bhreis a sholáthar chun tacaíocht a thabhairt do mhúineadh na Gaolainne sa Ghaeltacht. I mBaile an Sceilg in Uíbh Ráthach, ba chóir dúinn tacaíocht a thabhairt don Gteic chun fostaíocht a choimeád in earnáil na Gaeilge.

Tá an Ghaeilge curtha in áit na leathphingine ach tá seans againn leis an mBille atá á bplé sa roghchoiste béim a chur ar an nGaolainn agus í a choimeád beo. B’fhéidir nach mbeidh seans eile againn.

Deputy Peadar Tóibín: Information on Peadar Tóibín Zoom on Peadar Tóibín Is tábhachtach agus is luachmhar le muintir na hÉireann an Ghaeilge toisc gur cuid bhunúsach dínn í. Ceanglaíonn sí lenár dtimpeallacht muid. Is stór saibhir de litríocht, ealaíon, amhránaíocht, stair, agus seanchas í. Struchtúr smaointeoireachta atá inti atá uathúil i ndomhan ina bhfuil éagsúlacht teanga á cailleadh ar bhonn bliantúil. Tá an Ghaeilge greanta ar ár n-ainmneacha agus ár dtírdhreach. Tá an Ghaeilge ar na teangacha is sine sa domhan agus ar an teanga choiteann scríofa is sine san Eoraip.

Tá muidne in Aontú ag iarradh go mbeadh sí mar theanga phobail, theaghlaigh, chairde, ghnó, theicneolaíochta, agus oideachais. Nuair a bunaíodh ár ngluaiseacht dhá bhliain ó shin, chuireamar an Ghaeilge i gcroílár ár bpáirtí nua. Ní chaitheamh aimsire í an Ghaeilge dúinne. Táimid ag troid ar son chearta daonna an Ghaeilge thart timpeall na tíre.

Ba mhaith linn go mbeadh a fhios ag teaghlaigh atá ag smaoineamh ar a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge go bhfuil todhchaí gheal bhríomhar i ndán don teanga. Cuideoimid le líon na gcainteoir agus na bpobal Gaeilge a fhorbairt go suntasach. Tóg an Gaeloideachas mar shampla. Tá teip ollmhór déanta ag an Rialtas mar gheall ar an nGaeloideachas sa tír seo. Tá an t-éileamh le haghaidh caighdeáin agus soláthair feabhsaithe Ghaeloideachais ag teacht ó na scoláirí agus ó na tuismitheoirí féin. Faigheann 5% de scoláirí oideachas i nGaelscoil in ainneoin go bhfuil breis agus 23% de thuismitheoirí á lorg. Tá sé sin dochreidte. Tá an t-éileamh 23% ag teacht don Rialtas ach níl an Rialtas ach ag soláthar 5%. Is léir go bhfuil Rialtas i ndiaidh Rialtais ag seasamh in aghaidh an dúshláin le haghaidh breis oideachais trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil. Faighim glaonna gutháin ó mhúinteoirí thart timpeall na tíre mar gheall ar laghdú tábhacht na Gaeilge labhartha san ardteistiméiracht. Tá siad ag iarraidh go mbeadh méadú marcanna le fáil don Ghaeilge labhartha san ardteistiméiracht in ionad an scéal atá ag titim amach ag an bomaite.

Gan an Ghaeltacht, cailleann an Ghaeilge go leor den doimhneacht agus den saibhreas a bhaineann léi. Mura mbíonn an Ghaeilge ina teanga phobail, beidh todhchaí chéad teanga na tíre seo i mbaol, beag beann ar láidreacht an chórais oideachais. De réir na saineolaithe, ní mhairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail níos faide ná deich mbliana sa Ghaeltacht de réir na rátaí reatha aistrithe teanga. Tá sé sin dochreidte. Tá aithne agamsa ar an Aire. Tá a fhios agam go bhfuil suim láidir aici sa Ghaeilge agus tá muinín agamsa mar gheall ar an radharc atá aici i leith an Ghaeilge ach caithfimid a bheith réalaíoch faoin bhfadhb atá os ár gcomhair. Tá géarchéim uafásach ann sa Ghaeltacht mar gheall ar Ghaeilge labhartha an phobail sin.


Last Updated: 08/04/2021 10:18:51 First Page Previous Page Page of 112 Next Page Last Page