72. D'fhiafraighÉamon Ó Cuív den Aire Oideachais cé na céimeanna atá glactha aici le cinntiú go mbeidh soláthar múinteoirí le cumas Gaeilge ann le freastal ar riachtanais na nGaelscoileanna; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4417/96]
Minister for Education (Ms Bhreathnach): Tá mé sásta go gcinntíonn na socruithe maidir leis na cúrsaí oiliúna sna coláistí oideachais go bhfuil go leor múinteoirí leis an gcumas cuí sa Ghaeilge ar fáil chun freastal ar riachtanais na mbunscoileanna i gcoitinne, na Gaelscoileanna san áireamh. Leagann an Páipéar Bán dualgas ar na coláistí oideachais a chinntiú go bhfuil an inniúlacht bhéil chuí ag gach múinteoir bunscoile chun an Ghaeilge a mhúineadh go héifeachtach.
|